• Baile
  • Polasaithe Scoile
  • Nuacht is Déanaí
  • Ranganna
    • Múinteoir Celeste
    • Múinteoir Eimear
    • Múinteoir Sarah
    • Múinteoir Neasa
    • Múinteoir Shane
    • An Maighistir
    • Múinteoir Ciara
    • Múinteoir Onra
  • Brat Gníomhach
    • Brat Gníomhach
    • Corpoideachas
    • Gníomhaíocht Coirp
    • Comhpháirtíochtaí
    • Seachtain Scoile Gníomhaí
  • Blag
  • Féilire Scoile
SCOIL NÁISIÚNTA NA RINNE
  • Baile
  • Polasaithe Scoile
  • Nuacht is Déanaí
  • Ranganna
    • Múinteoir Celeste
    • Múinteoir Eimear
    • Múinteoir Sarah
    • Múinteoir Neasa
    • Múinteoir Shane
    • An Maighistir
    • Múinteoir Ciara
    • Múinteoir Onra
  • Brat Gníomhach
    • Brat Gníomhach
    • Corpoideachas
    • Gníomhaíocht Coirp
    • Comhpháirtíochtaí
    • Seachtain Scoile Gníomhaí
  • Blag
  • Féilire Scoile

Buaiteoirí Craobh na hÉireann i socar na gcailíní fé 12 le Dún Garbhán.
An chéad uair riamh d’aon fhoireann as Portláirge é a bhuachaint
Éacht iontach Craobh na hÉireann a bhuachaint in aon rud!

Picture

12.5.2026    Míle Buíochas le Comhlucht Forbartha na nDéise as deis a thabhairt dos na páistí rang
rince nua-aimseartha a dhéanamh le  Ferghus Ó Conchúir. B'iontach an eispéaras dóibh é,

11.5.2026 Leatchraobh Camógaíochta
Faraoir bhí an Bhaile Dhuibh ró láidir dúinn sa deireadh ach throideamar go dtí'n soicind deireanach sa  chluiche. Tá roinnt mhaith blianta ó chuamar chomh fada leis an leathchraobh fiú.
Beidh Lá eile ag an bPaorach gan dabht!

Picture

Luthchleasa Scoile 2026  - cliceáil thíos!

Your browser does not support viewing this document. Click here to download the document.

20.03.2026 Díolachán Cístí - Ár gcéad míle buíochas lenár n-ábhair oidí iontacha a d'eagraigh an díolachán cístí inniu, agus dár dtuismitheoirí agus pobal scoile a dhein an bácáil go léir. Bhí lá iontach againn - thar €1100 bailithe don scoil agus €420 do Lá na Lus an Chromchinn.
Fagfaimid slán inniu le Jade, Shóna, Imelda, Aislinn, Hannah agus Róise guimid gach beannacht sonas agus rath oraibh i bhur ngairm beatha nua.

16.3.2026 Ceiliúradh na Féile Pádraig.
Míle buíochas leis an lucht féachana ar fad a tháinig, agus cuid agaibh a thaisteal i bhfad le bheith anseo linn.

Bhí tae caife, soláistí deasa & ceapairí réidh ag Mary, Breege agus ár nábhair oidi ó Mharino, míle maith agaibh ar fad. 
Ba dheas linn leis an cuairt ó Shinéad Olwyn, Bronwyn agus na leanaí ón a Naíonra agus munar leor é sin, bhí cuairt  ón Maighistir Ó Gealbháín agus a ghrúpa ceoil ó Mheánscoil San Nioclás le sár thaispeántas  a chur ar fáil dúinn.

16.3.2026 - Comhgháirdeachas leis an ngrúpa  glacaíochta,
d'éirigh tharr barr ar fad leo i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Picture

6.3.2026. Cuairt Dramaíochta le Graffiti.
Míle buíochas le Comhlucht Forbartha na nDéise as an deis álainn seo a chur ar fáil dár bpáistí .Bhí na páistí fé dhraíocht acu!

5.3.2026. Lá Domhanda na Leabhar
'Sé'n scanradh é na carachtéirí aisteacha a bhí ar scoil inniu!

13.2.2026 Laoch an Litrithe.
Bhí S.N. na Rinne páirteach sa chéad comórtas litrithe i nGaoluinn. Bhí lá iontach ar fad eagraithe ag Gaelscoil Mainistir na Corann. Thosnaigh 31 páiste amach ar an stáitse agus bhíomar ann go dtí'n bhabhta deiridh. I ndeireadh na dála bhaineamar tríú áit sa chomórtas  amach,  éacht iontach nuair a chuimhníonn tú go raibh 4 Rang a 6 le piocadh astu i gcuid des na scoileanna móra . " Ní inniu ná inné a raibh buachaillí maithe sa Rinn"

12.2.2026
Bhí lá an-taitneamhach ag Rang a Sé ag an gcomórtas fichille i Scoile Mhuire. Thánadar 2, 3 agus 4ú áit sa chomórtas foirne!

26.1.2026. Thosnaigh an scéim "Lón Te" sa scoil,
​le lón te bia blasta ó Spar sa Rinne
​bhí gach duine an shásta leis!

Picture

21.1.2026 Míle buíochas le Múinteoir Celeste, Múinteoir Ciara agus Múinteoir Sarah as an obair ar fad a dheineadar leis an foirne badminton scoile. Bhí am iontach leo ag an gcomórtas idir scoile. 

26.1.2026. D'ainneoin an drochaimsir bhí iomaitheoir againn i gcraobh na Mumhan sa snámh inné!
Comhgháirdeachas leat!

Comórtas Ealaíne Nioclás Tóbín.
Úsáid na pictúirí thíos mar spreagadh!

Tionól Nioclás Tóibín.
30 Eanáir go 2 Feabhra 2026
 
Ticéidí do gach rud ar "eventbrite - Féile Nioclás Tóibín"

Picture

1.1.2026
​Snámh Cinn Bliana do S.N. na Rinne 2025

Bhí 74 duine ag snámh, bhailíomar €3563 agus bhí seisiún ceoil iontach agus crannchur againn i dTigh Mhuirithe ina dhiaidh.

Picture

Buaiteoir an bhonn airgead i bhféile fichille Cúige Mumhan i Mí na Nollag 2025,
agus é ag imirt in aghaidh daoine suas go sé bhliana déag d'aois!

Mí na Nollag 2025 - Ní mar mhagadh ealaíontóirí S.N. na Rinne!
Dhá duais náisiúnta i gcomórtaisí éagsúla  ealaíne buaite! 

Dráma na Nollag 
16/12/2025

Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture
Picture

9.12.'25.
" Ní inniu ná inné go raibh buachaillí maithe sa Rinn"
​Iontach ár n-iarscoláirí a fheiscint ag filleadh orainn agus corn an Chontae buaite acu.
​Comhgháirdeachas ó chroí leo agus lena dtraenálaí Múinteoir Shane


1.12.2025 - Buaiteoirí sna rásanna trastíre náisiúnta.

Picture

3.11.2025
​B'iontach muintir na scoile a fheiscint ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, agus gradam faighte aige don aithriseoireacht!

Picture

Comhgháirdeachas mór leis buaiteoirí foirne sa Rásaíocht tras tíre. 4 Samhain 2025

Picture

La Bréigéide Scoile 24.10.2025

Picture

Buaiteoir comórtas cic éiric i nDún Garbhán ar an 28ú Mí Méan Fómhair. Fuair sé 12 cic éiric, ceann i ndiaidh a chéile gan aon ceann a chuir ar fóraíl!

Picture

Meán Fómhair 2024 Stailc na Rúnaithe agus Airíochanna scoile,
​ Lúnasa agus Meán Fómhair 2025


Picture

Rang 6 2026. An rang is mó riamh sa scoil - b'fhéidir?

Picture

28.8.2025 Míle Fáilte roimh ár Naíonáin Bheaga nua ar a gcéad lá ar scoil linn! 

Picture

20.6.2025 Slán le Rang a Sé 2025
Go gcumhdaí Dia sibh i gcónaí.

Picture


Greannáin Deanta!

Picture

Duais Foirne Cúige Mumhan buaite sa rás 300méadar!

Picture

Bhí seachtar ó S.N. na Rinne ar fhoireann socar Dhún Garbhán a bhuaigh an Chraobh fé 13 le déanaí!
Chomghairdeachas libh!

Picture


Duais eile fós buaite ag na Mini-Munsters.
​N'fheadar cá stóraltar na coirn ar fad sa tigh sin!

Picture

Comhghairdeachas
Tarna háit sa chomórtas scribhneoireachta An Post bainte amach aige!

Picture

Painéal  Féile  Peile Gael Linn 3/4 Meitheamh 2025

Picture



Dráma den scoth -
​ An Triúir Mhuicín!

Picture

18.5.2025 Bhí scoláire Rang a Sé agus iar-scoláire de chuid S.N. na Rinne ar fhód bheannaithe Dúrlas Éile inné ag déanamh  gaisce dos na Déise. Mór an rud dúinn é sin, táimíd an bhrodúil as an mbeirt acu!

Comhgháirdeachas le Rang a dó a dhein an Comaoin ar an Satharn 17.5.2025. Míle buíochas leis Múinteoir Sarah a d'ullmhaigh na páistí, agus le Múinteoir Eimear agus Múinteoir Celeste a thug aireachas don chóir agus don cheol álainn, agus ár gcéad míle buíochas leis na páístí ar fad a tháining chun cóir chomh deas a dhéanamh don searmanas.  

Picture

 Comhgháirdeachas leis na buachaillí a fuair an tríú áit sa chomórtas scileanna an chontae ar an 14.5.'25.
"Ní inniú ná inné a bhí buachaillí maithe sa Rinn"

Picture

An snámhaí is fearr sa Rinn ó 1836!

Picture

Tháinig Báinín ar chuairt chuig na scoile inniu. Bhí sé ana shásta leis an bpeataireacht ar fad ós na páistí! 

24.3.2025 Chomgháirdeachas le ranganna a 5 & 6 a dhein an Cóineartú inniu. An slua is mó a bhí riamh againn. Míle buíochas le Rang 3&4, Múinteoir Neasa, Múinteoir Celeste, An Maighistir agus Múinteoir Eimear  as ceol álainn a dhéanamh don searmanais

Picture

24.3.2025. Céad agus dara áit buaite ag S.N. na Rinne sa ghrúpa ceoil agus céad áit agus Corn Speisialta an Chomórtais Scór bronnta ar Bhailéad grúpa S.N . na Rinne!
Chomhgháirdeachs mór libh agus le Múinteoir Eimear - taithí a dhéanann maighistreact!

Lá Domhanda Siondróm Down 21.3.2025

18.3.2025 Comhgháirdeachas leis na páistí ar fad a bhuaigh duaiseanna
ag Tráth na gCeist Seachtain na Gaeilge i nDún Garbhán.
2017 an uair deireanach a bhuamar an corn!

Comhgháirdeachas libh a chailíní !

Lá Domhanda na Leabhar 2025

Gradam Aisteoireachta agus gradam amhránaíochta
bronnta ar dhráma " Banc na Rinne"  le S.N. na Rinne

Cuairt an Údair Áine Ní Ghlinn

Foirne Badminton S.N. na Rinne. Feabhra 2025
​Míle buíochas le Múinteoirí Ciara agus Celeste as a gcuid ama a thabhairt don traenáil i ndiaidh na scoile.

 €1,100 bailthe ag an díolachán cístí.
Míle buíochas le  Aoidha, Kerrie, Ryan Aaron agus Maitiú 
as a gcuid oibre ar fad!

Díolachán Cístí Lá Fhéile Vailintín - Roinnt Oidis !

Club Leabhar Feabhra 2025.
​ Cuairt Ó Áine Uí Fhoghlú, Údar "Fóir Orm"

Club Leabhar Eanáir 2025 
​"Fóir Orm" Úrscéal scribhte sa Rinn ag  Áine Uí Fhoghlú, iar scoláire S.N.na Rinne!

Picture
Imreoirí Fichille Rang an Mhaighistir 27.1.2025 le iondaithe ó Scoil Mhuire.
Tháinig foirne SN na Rinne sa Chéad, tríú agus cúigiú áit sa chomórtas!

Picture


Picture


Snámhairí S.N. na Rinne. Eanáir 2025. Céad áit 50m saor-stíl agus dara áit sa snámh-droma 50m.


Foirne Tráth na gCeist Cumann na mBunscol. Eanáir 2025

Snámh Lá Caille 2025. 31 bliain ag snámh - 1995-2025.
Timpeall 70 duine san uisce agus tuairim is €4,000 bailithe don scoil.
​Míle buíochas le Coiste Iontach na Tuismitheoirí !
Nollag 2024 - Buaiteoir céad áit sa chomórtas Bí Sabháilte de chuid an ESB - Chomhgháirdeachas!
Picture


Buaiteoir Corn an Choilleagán -  sa sraith reatha d pháistí. Chomhgháirdeachas!
Picture

Foireann Camógaíochta na Rinne. Ní raibh foireann acu in 2023.
Ach i 2024 bhuadar Craobh na hÉireann.
​ Chomhgháirdeach libh!

Rásaíocht Tras Tíre sa Friary ar an 21.9.2024

  • An Chéad Lá ar Scoil 28.8.2024
  • Go n'éirí go geal libh ar fad.
Picture

    Bronnadh  Boinn ón Lá Spóirt 2024.

Lá Spóirt 2024

Míle Buíochas le coiste na dTuismitheoirí as turas breise a thabhairt mar dhuais, bhí ard-am ag rang Múinteoir Eimear sa Lios Mhór le déanaí.


Lá Spóirt 11.6.2024


 Feile Peile Gael Linn 2024.

30.5.2024. Craobh Luthcleasa Iarthar Phortláirge. Comhgháirdeachas leis na buaiteoirí ar fad.


25.5.24. Bhí bua iontach ag na peileadóirí fé 13 inniu nuair a thugadar leo Craobh peile an Chontae inniu! An rud is annamh is iontach!

Picture

22.5.2024. Bhí briseadh croí againn i gCraobh Iomána an Iarthar. Bhíomar gann ár gcúlbáire oillte. D’imir gach duine acu as a gcraiceann, ach bhí Gleann Beag ró-láidir dúinn sa deireadh. Bíonn an spóirt dian babhtaí!

Picture

Céad Comaoineach 2024.
Bhí searmanais álainn againn ar an lá agus na páistí cóirithe ar fheabhas ar fad.
Bhí cór agus ceoltóirí na scoile ann le maisiú a dhéanamh ar an ócáid
​.Míle buíochas le L. Suipéil as an ngriangraf a thógaint dúinn. 

Picture

Cé gur throideadar go dtí'n poc deireanach, bhí mí-ádh ar an fhoireann camógaíochta sa leathchraobh i mbliana, ach beidh lá eile ag an bPaorach!

Picture

Dráma na Nollag 2023

Comhgháirdeachas leis na buachaillí a ghlac páirt sna comórtaisí snámha scoile i Luimneach i Mí Deireadh Fómhair.

Picture

Anocht Oíche Shamhna

An Chéad lá ar scoil dos na Naíonáin bheaga, 30.8.2023

Turas Scoile Múinteoir Shane & An Maighistir 20.6.2023

Lá Spóirt S. N. na Rinne 9.06.2023


Bígí Linn

Picture
18.10.2022. Seoladh Náisiúnta “Mol Mata” i Scoil Náisiúnta na Rinne. Le scoláirí agus Príomhoide ar zoom ó Scoil na Fuiseoige i mBéal Feirste agus ionadaithe i bpearsain ó COGG, an CCEA, Gaeloideachas, an Chigearacht, an NCCA, an PDST, Seachtain na Mata, Gaelscoil Choràin in Eochaill, Scoil Náisiúnta Baile Mhic Airt, Meànscoil San Nioclás, Scoil na Leanaí, Scoil Gharbháin agus Molscéal!

Comhgháirdeachas le buachaillí Rang a Sé a tháinig sa tríú áit sa chomórtas reatha Tras-tíre le déanaí.

Picture

26.8.2022 An Chéad Lá ar Scoil.
Céad míle fáilte romhaibh isteach!

Picture

Míle chomhgháirdeachas le buaiteoirí Sciath Camógaíochta an Chontae fé 16. Ní mar mhagadh sibh!

Picture

Maith sibh a chailíní! Ceathrar iarscoláire ag imirt don Chontae sa bhlitz idirchontae i Mala.

Picture

Tá dealramh éigint ag teacht ar an tógáil ar na seomraí nua anois!

Bhí sé go hálainn bualadh leis na naíonáin bheaga ar fad a bheidh ag tosnú linn ar an Luan.

Picture
Foirne scileanna iomána agus peile na scoile. Bhuaigh na peileadóirí amach an tarna áit sa chontae. Bhain na hiománaithe céad áit sa chontae agus áit i gCraobh na Mumhan.
Picture

Buaiteoirí fichille 2022

Gradaim don amhránaíocht, ceoil agus aithriseoireacht á bhronnadh don chéad uair.

Boinn á bhronnadh ar na buachaillí a bhuaigh craobh an iarthar Roinn B. San iomáint don chéad uair riamh. Tá siad ar chomhchéim anois leis na cailíní a dhein an bheart i 2018.

Picture
7.5.2022 Comhgháirdeachas le Rang 2, Múinteoir Sarah agus an tAthair Ó Ceallaigh a dhein sár- obair ar an searmanas don Chéad Comaoineach inniu.
26.6.22. Comhgháirdeachas le foireann iomána na scoile a bhain áit amach i leathchraobh an Chontae inniu in aghaidh Gleannbeag i gCeapach Choinn.
Comhgháirdeachas leis don triúir a bhuaigh craobh an chontae thíos i bPortláirge ag comórtas scileanna iomána na bunscoile - beidh siad anois san iomaíocht i gcraobh na Mumhan i gceann coicíse.
Comhgháirdeachas leis an triúir peileadóir bhreátha a bhain an tarna áit sa chontae amach sa chomórtas scileanna peile na bunscoile.
Lá iontach spóirt don scoil ba ea é!

6.5.2022 Dráma iontach greannmhar - Gráinne Uí Mháille ó bhuíon aisteoirí ó Inis Oírr inniu. Míle buíochas le Coiste na dtuismitheoirí as tacú linn leis an gcostas de.
Picture

6.5.2022 Míle Buíochas le Comhlacht Forbartha na nDéise as gleacaíocht le Ciarán ó Óga Ióga a chur ar fáil don scoil
Picture

1.4.2022 An chéad fhoireann buachaillí a bhain áit sa chraobh peile amach ó 2011. Ní raibh an tádh leo inniu in aghaidh Gleann Beag ach is cinnte go mbeidh lá eile ag an bPaorach!

Picture

Lá iontach ag an ionad rothaíochta agus an pictiúrlann.

An chéad cluiche peile le breis is dhá bhliain! 3 Márta2022

Tháinig na scagairí aeir Hepa 13 inniu ar deireadh! Buíochas le Naomh Bríd!

Ná dearmad na crosanna agus bratach Bríde a chur amach anocht.

Picture

Chomhgháirdeachas le Mary Ní Dheagh agus Cian Crocket a bhuaigh duaiseanna sa chomórtas ealaíne dos na Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh le déanaí!

Lá saoire na Nollag 2021. Ranganna 5&6 lena saothair mhór ealaíne Nollag.

Picture

Bhí lá geansaithe Nollag againn ar scoil ar an Aoine 17.12.21 ar mhaite CF Ireland agus Lyons Club Dhún Garbháin.

Míle buíochas le San Nioclás as am a chaitheamh lenár bpáistí tráthnóna de hAoine. Bhaineadar sásamh iontach as a gcuid ama leat!

Picture

Lá Naomh Nioclás 2021

Chomhgháirdeachas ó chroí le M. as áit a ghnothú sa chraobh domhanda den rince Gaelach a bheidh ar siúl i mBéal Feirste i 2022. Iontach an éacht é!
Picture

Anocht Oíche Shamhna Moingfhinne Mhongach…2021.

   

  • Baile
  • Polasaithe Scoile
  • Nuacht is Déanaí
  • Ranganna
    • Múinteoir Celeste
    • Múinteoir Eimear
    • Múinteoir Sarah
    • Múinteoir Neasa
    • Múinteoir Shane
    • An Maighistir
    • Múinteoir Ciara
    • Múinteoir Onra
  • Brat Gníomhach
    • Brat Gníomhach
    • Corpoideachas
    • Gníomhaíocht Coirp
    • Comhpháirtíochtaí
    • Seachtain Scoile Gníomhaí
  • Blag
  • Féilire Scoile