Eachtraí an Earraigh
|
Comórtas an Chorn Domhanda
Bhí an-spórt againn clár na bpointí a líonadh gach lá le linn an Choirn Domhanda. Bhí duaiseanna deasa ar fáil dos na páistí le fóirne a chríochnaigh sa chéad, dara agus triú áit. |
|
|
|
Dráma na Nollag 2022
Chuir daltaí Rang 3 agus Rang 4 sár- taispeántais den dráma Scrooge ar siúl dúinn. Moladh mór tuillte ag gach éinne! |
|
CLG
Bíonn na páistí ag cur go mór lena scileanna peile agus iomána gach tseachtain le Michelle. |
|
Stáisiúin Matamaitice
|
|
Oíche Shamhna 2022
|
|
Cuairteoirí Ranga
Bhuail cuairteoirí speisialta isteach chuig seomra Rang 3 agus Rang 4 an téarma seo. Bhí sceitimíní ar na daltaí nuair a labhair Oisín Ó Dúnaigh leo faoin a thaithí le foireann na hUnderdogs ar TG4. Labhair an Garda Cian leis na páistí faoi shábháilteacht ar na bóithre agus le linn Oíche Shamhna . |
|
|
|
Turas chun na pictiúrlainne Bhí áthas an domhain ar na páistí an scannán Róise agus Frank a fheiscint sa phictiúrlann le déanaí. Ba dheas dóibh Gaeilge an cheantair a chloisint chomh maith le háilleacht na Rinne a fheiscint ar an scáileán mór . |
|
Éachtaí Ranga
Comhghairdeachas le daltaí R3 agus R4 as éachtaí iontacha a bhaint amach le déanaí. -Céad áit fé 11 agus fé 12 i gcomórtas lúthchleasaíochta an chontae don chliathrás. -Céad áit don bhféadóg stán fé 12 i gComórtas Fleadh Cheoil na nDéise. -Trí ciúbanna Rúibics a chur le chéile i 2 noiméad 30 soicind ! |
|
