Rang Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon 2021-22...
Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon ag péinteáil mar chéiliúradh ar Seó na mBréagáin!
Ag tógáil tithe mar ábhair Aistear le déanaí! Ailtirí den scoth!!
Nollaig Shona🎅🎄
Tá’n Nollag buailte linn is tá áthas ins an t-aer!! Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon ag seinnt agus ag canadh in airde a ghutha, réidh don ócáid speisialta seo! 🎅🎄
Siúlóidí Álainne An Gheimhridh ☀️🌈🌧☔️⛄️
Bhí na cótaí, hataí, scairf agus lámhainní ag teastáil uainn inniu agus sinn ag tabhairt faoi fuacht ghéar an gheimhridh! ❄️⛄️
Crosanna Bríde Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon 2022 🙌🏼
Ag úsáid pipe cleaners, chruthaíomar crosanna Bríde ildaite!
Scileanna Peile le Conor!
Bhaineamar an-taitneamh as a bheith ag foghlaim roinnt scileanna peile le Conor le cúpla seachtaine anuas! 🏐
Lus An Chromchinn 🙌🏼🌼
Mar chéiliúradh ar tús an Earraigh, chruthaíomar na bláthanna álainne seo ag úsáid dathanna, péint agus boscaí uibheacha!
Saineolaithe na nGleacaíochta 🤸🏼♀️
Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon ag foghlaim roinnt scileanna cothromaíochta i rith na ranganna gleacaíochta i Halla Phobail na Rinne. 🤸🏼♀️🤸🏼♂️ Saineolaithe faoin dtráth seo!!
Lá Domhanda Na Leabhair 2022 📚
Bhí lá den scoth againn inniu ag gléasadh suas mar charactair ó na leabhair is fearr linn! Ó foghlaí mara agus bolb go imreoirí sacair agus madraí, bhí a leithéad de charactairí againn! 📚
Níos troime nó níos éadroime? 🏋🏽♀️
Don mhata faoi láthair táimid ag obair ar Meáchan agus rudaí atá trom agus éadrom. ‘An bhfuil píosa amháin Lego, níos troime nó níos éadroime ná do scriosán?’ 🤔
‘In the Springtime’ 🌼🌸🌿
Scríobh Rang a hAon cúntaisí álainne néata ar na rudaí is fearr leo faoin Earraigh! 🌼
Na hIPad 📱🖥
Páistí Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon ag obair go dian ag cruthú a chartúin fhéin ar ‘Scratch’. Is códú atá i gceist! Ní bhfaighfeá buachaint ar an dteicneolaíocht! 📱
Beannachtaí na Féile Pádraig ☘️🇮🇪
Bhí árd-céiliúradh againn le haghaidh Lá Fhéile Pádraig ar scoil i mbliana! Dóchas linn Naomh Pádraig 🎶
Táimid Ag cur Síolta! 🌱
Táimid tar éis síolta blátha a chur ar Scoil le déanaí. Leanfaimid orainn ag tabhairt aireachas dóibh agus le cúnamh Dé i gceann cúpla seachtaine go gcífimid bláthanna deasa dathúla 🌷🌸💐🌺🪷🌼
Scileanna Iománaíochta agus Camógaíochta le Conor!
Bhíomar ag cleachtadh ár scileanna iománaíochta le Conor le déanaí! Féach, cas, stop!!
Ealaíon Bundúchasaigh na hAstráile 🏞🇦🇺🦘🌏
Bhíomar ag foghlaim faoi mór-roinn na hAstráile sa rang le déanaí agus bheartaíomar roinnt de ealaíon na bundúchasaigh a chruthú!! Ón diabhal tasmánach dtí’n Mhórsceir Bhacainneach, d’fhoghlaimíomar rudaí iontacha faoin Astráil! 🦘🇦🇺🌏🏞
Turas Scoile Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon 2022!
Chuamar dtí’n Lios Mhór ar ár dturas scoile i mbliana!! Bhí lá den scoth againn leis an ghrian ag spalpadh! 🌅🌞🍦🍨

























